Tá ról tábhachtach ag na healaíona sa tsochaí, ag cur le cáilíocht na beatha i bpobail, i ngeilleagair áitiúla, le nochtadh féiniúlachta áitiúla agus le saol cultúrtha bríomhar an chontae. Déanann Oifig Ealaíon Thiobraid Árann tréaniarracht rochtain ar na healaíona a leathnú agus a dhoimhniú agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar straitéisí le haghaidh rannpháirtíochta inbhuanaithe, lena gcruthaítear timpeallacht ina leanfaidh na healaíona de bheith faoi bhláth.
Is é an aidhm atá againn leanúint ar aghaidh ag cruthú nasc, clár agus beartas lena áirithiú go mbeidh na healaíona i dTiobraid Árann ina ngné lárnach den saol sibhialta sa Chontae.
Oibríonn Seirbhís na nEalaíon ar son forbartha leanúnaí na n-ealaíon sa chontae trí na nithe seo a leanas a sholáthar:
- Comhairle agus Eolas
- Forbairt ar an mBeartas Ealaíon
- Deontais agus Scéimeanna do na hEalaíona
- Clár Forbarthach Ealaíon