Ár sprioc:"Seirbhísí cúltaca a sholáthar i gcás móréigeandálaí agus cabhair a thabhairt ag imeachtaí Pobail."
Is eagraíocht í Cosaint Shibhialta inarb iad oibrithe deonacha beagnach gach ball di. Is é an príomhról atá aici ná cúnamh agus cabhair a thabhairt i gcás éigeandálaí mar thaca leis na seirbhísí proifisiúnta éigeandála.
Freastalaíonn na baill ar ranganna i mórán disciplíní, ar nós scileanna tarrthála, Garrchabhair, Cuardach agus Tarrtháil, Comhrac Dóiteáin, Tarrtháil Uisce, Monatóireacht ar Radaíocht, Cumarsáid Raidió, agus aire a thabhairt do leas na ndaoine a aslonnaítear le linn géarchéime.
Related Content