Silouette graphic representing Tipperary

ÁR NOIDHREACHT

I dTiobraid Árann tá an t-ádh orainn go bhfuil muid timpeallaithe le hoidhreacht shaibhir agus ilghnéitheach.

San Acht Oidhreachta 1995, sainmhínítear Oidhreacht mar:
Treoirmharcanna, oibiachtaí seandálaíochta, oibiachtaí oidhreachta, oidhreacht ailtireachta, flóra, fána, gnáthóga fiadhúlra, tírdhreacha, muirdhreacha, raic, geolaíocht, gairdíní agus páirceanna oidhreachta, uiscebhealaí intíre

Is é seo ár n-oidhreacht, tá sé thart timpeall orainn agus is cúlra amhairc é don saol anseo i gContae Thiobraid Árann.
Ní hé sin uile ar ndóigh, tá saibhreas oidhreachta doláimhsithe ann freisin: ár ngnáthaimh, traidisiúin, cluichí, amhráin agus béaloideas.

Is é ról na hoifige Oidhreachta ná:
‘Feasacht faoinár n-oidhreacht shaibhir agus léirthuiscint uirthi a chur chun cinn agus í a chosaint agus a fheabhsú do na glúinte amach anseo.’

Attachment Size
5.21 MB