"A áirithiú go mbeidh lóistín inacmhainne ag na daoine go léir sa Chontae atá oiriúnach dá riachtanais shóisialta agus phearsanta"
Agus í ag déanamh iarrachta an sprioc sin a bhaint amach, agus faoi réir na mbeartas atá leagtha amach sa Cháipéis Bheartais "Bailte a Sholáthair - Pobail a Chothabháil"
a d'fhoilsigh an Roinn Comhshaoil in 2007, leanann an Chomhairle ag soláthar réimse leathain sheirbhísí tithíochta ar fud an Chontae.
Is iad seo a leanas na príomhfheidhmeanna tithíochta:
- Na roghanna arna soláthar sa Bheartas Náisiúnta Tithíochta a chur chun cinn agus a úsáid.
- Ár gClár Infheistíochta Tithíochta Sóisialta a chur i bhfeidhm.
- Forálacha an Bheartais Tithíochta a chur i bhfeidhm.
- Clár um thalamh a fháil roimh ré a ullmhú i gcomhréir leis an mBeartas Náisiúnta Tithíochta.
- A áirithiú go spreagtar Inbhuanaitheacht Tuaithe agus go dtacaítear léi lenár mbeartas tithíochta.
- Plean 5 bliain Cóiríochta do Thaistealaithe 2014 - 2018 a chur i bhfeidhm.
- Forálacha na Straitéisí agus na bPleananna Gníomhaíochta do Dhaoine Gan Dídean a chur i bhfeidhm.
- An Earnáil Dheonach Tithíochta sa Chontae a chur chun cinn, tacú léi agus í a fhorbairt.
- Cuimsiú Sóisialta a chur in ord tosaíochta trí rannpháirtíocht na gcónaitheoirí i mbainistiú scéimeanna tithíochta sóisialta a chur chun cinn.
- Reachtaíocht/ Rialacháin do Lóistín Cónaitheach san Earnáil Phríobháideach a chomhlíonadh.
- Ár Soláthar Tithíochta a uasghrádú faoi réir infhaighteachta maoinithe náisiúnta agus áitiúil.
Related Content