Silouette graphic representing Tipperary

FÁILTE GO SEIRBHÍSÍ UISCE

Uisce Éireann

Is é Uisce Éireann an fóntas náisiúnta uisce agus tá sé freagrach anois as soláthar seirbhísí uisce do bhailte agus do ghnóthaí in Éirinn a bhainistiú. Do thuilleadh eolais nó le ceist maidir leis na nithe seo a leanas a thuairisciú:

  • Soláthar uisce
  • Cáilíocht uisce
  • Dramhuisce

Téigh i dteagmháil le do thoil le hUisce Éireann (Sonraí Thíos).

Nótáil le do thoil go bhfeidhmeoidh Lárionad Glaonna um Theagmháil Chustaiméara ar bhonn 24 uair, 7 lá in aghaidh na seachtaine. Coinneofar taifead ar cheisteanna a chuirtear ar an Lárionad Glaonna lasmuigh d'uaireanta oifige don chéad lá oibre eile mura mbaineann siad le cás éigeandála. Cuirfear éigeandálaí ar aghaidh go dtí an Chomhairle do fhreagairt chuí, freagairt a eagrófar de réir an chleachtais reatha maidir le héigeandálaí den sórt sin.

Mar a luadh thuas, tá eisceachtaí ann maidir leis an socrú nua sin, a bhaineann le seirbhísí a gcoimeádann an Chomhairle freagracht ina leith. Sna cásanna sin, leanfaidh Rannóg Seirbhísí Uisce na Comhairle de cheisteanna custaiméara a ghlacadh agus a fhreagairt de réir an chleachtais reatha maidir leis an gcéanna. Is iad na ceisteanna custaiméara maidir leis na nithe seo a leanas na heisceachtaí sin:

  1. Scéimeanna um Sholáthar Grúpa Uisce
  2. Deontais le Soláthar Uisce Tí a Fheabhsú (Deontais Tobair)
  3. Leithris Phoiblí
  4. Sábháilteacht Uisce (Ceisteanna a bhaineann le baoithe tarrthála srl.)
  5. Linnte Snámha
  6. cuntais stairiúla uisce maidir le seirbhísí uisce agus dramhuisce a úsáideadh roimh 01 Eanáir 2014.

Nótáil le do thoil go leanfaidh an Rannóg Comhshaoil ar aghaidh ag plé le clárú córas cóireála dramhuisce baile (dabhcha séarachais) agus ábhair a bhaineann leis, lonnaithe ag Sean-Mhúsaem, Sráid Parnell, Cluain Meala agus nach bhfreagróidh Uisce Éireann ceisteanna sa todhchaí a ardóidh tionóntaithe tithe Comhairle maidir lena seirbhísí uisce agus/ nó dramhuisce mura mbaineann siad le seirbhísí poiblí.