Silouette graphic representing Tipperary

Scéim Teanga Gaeilge

Lainseáil Scéim na Gaeilge do Chomhairle Contae Thiobraid Árann

Dhearbhaigh an tAire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, An tUasal Jack Chambers, T.D., an chéad scéim de chuid Chomhairle Contae Thiobraid Árann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le déanaí.

Beidh an Scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana ó 1 Bealtaine, 2021 nó go dtí go gceadaítear scéim nua, cibé ceann a thagann níos deireanaí.
Dúirt an Comhairleoir Michael Smith, Cathaoirleach Chomhairle Contae Thiobraid Árann: “Tá lúcháir orm go bhfuil tiomantas na Comhairle i leith ár dteanga dhúchais aitheanta go hoifigiúil anois inár Scéim na Gaeilge”.
Dúirt an Príomhfheidhmeannach Joe MacGrath: “Is mian leis an gComhairle iad siúd atá ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh linn i nGaeilge a chur chun cinn agus a éascú níos mó. Is céim dhearfach í Scéim na Gaeilge ina thaobh seo agus cuirtear fáilte roimpi”.

Tabharfar gníomhartha faoin scéim nua isteach sna míonna amach romhainn agus beidh siad seo a leanas san áireamh:

  • Leathanaigh tiomnaithe maidir leis an nGaeilge a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin www.tipperarycoco.ie
  • Ríomhphoist tiomnaithe a fhoilsiú le haghaidh ceisteanna i nGaeilge.
  • Go mbainfidh foireann na Seirbhísí Custaiméirí úsáid rialta as beannacht bhunúsach i nGaeilge.

Cuirfear leagan dátheangach den Scéim ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Le níos mó eolais a fháil faoin Scéim, déan teagmháil le David Coleman ag Comhairle Contae Thiobraid Árann Fón 0818 06 5000

‘Seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge

Is féidir leis an gComhairle roinnt seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Nuair a thugann tú cuairt orainn, nó nuair a chuireann tú glaoch ar ár nDeasca Seirbhísí do Chustaiméirí i gCluain Meala agus san Aonach, fiafraigh le do thoil má tá sé seo ar fáil maidir le do sheirbhís.
Déanfaimid ár seacht ndícheall tú a éascú.’

Fiosruithe/Enquiries: asgaeilge@tipperarycoco.ie