Silouette graphic representing Tipperary

SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN

Coinníonn Seirbhís Dóiteáin & Tarrthála Thiobraid Árann cumhdach éigeandála ar fáil ó dhubh go dubh le beatha agus maoin a chosaint. Tá dhá stáisiún dóiteáin déag sa tír lonnaithe ag:

  • Buiríos Uí Chéin
  • An Chathair
  • Carraig na Siúire
  • Caiseal
  • Cluain Meala
  • Cloch Shiurdáin
  • An tAonach
  • An Port Nua
  • Ros Cré
  • An Teampall Mór
  • Durlas
  • Baile Thiobraid Árann

Cuirtear oiliúint leanúnach ar na comhraiceoirí dóiteáin atá lonnaithe ag na stáisiúin sin lena áirithiú go bhfuil an tseirbhís a chuirimid ar fáil ar an gcaighdeán is airde is féidir. Ina theannta sin, tá oifigigh dhóiteáin ar fáil le comhairle a thabhairt maidir le sábháilteacht dóiteáin agus lena áirithiú go ndéantar caighdeáin a chothabháil i gceart agus go n-áirítear sábháilteacht phoiblí. Ar an meán bíonn an tseirbhís dóiteáin i láthair ag breis is 1500 eachtra in aghaidh na bliana.

Tá ceanncheathrú na seirbhíse dóiteáin lonnaithe ar Bhóthar Luimnigh, An tAonach. Riarann na hoifigí seo na míreanna go léir a bhaineann leis an tseirbhís dóiteáin atá i bhfeidhm, le sábháilteacht dóiteáin, le rialú tógála, le pleanáil éigeandála agus le ceadúnú peitriliam.

Attachment Size
26.21 KB