Tá iarratais á lorg ag Comhairle Contae Thiobraid Árann ar chúnamh faoi Scéim Deontais an Achta Ealaíon 2023. Tá an scéim deontais seo beartaithe chun cabhrú le heagraíochtaí suim an phobail sna healaíona a spreagadh, eolas, léirthuiscint agus cleachtas na n-ealaíon a chur chun cinn nó chun caighdeáin sna healaíona a fheabhsú.
Ciallaíonn na hEalaíona aon léiriú cruthaitheach nó léirmhínithe (traidisiúnta nó comhaimseartha) agus folaíonn sé go háirithe na hamharcealaíona, an téatar, an litríocht, an ceol, an rince, an ceoldráma, an scannán, an sorcas agus an ailtireacht agus folaíonn sé aon mheán nuair a úsáidtear é chun na gcríoch sin.
Ba chóir iarratais a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais oifigiúil agus ba chóir go gcloífeadh siad leis na treoirlínte atá leagtha amach ag Comhairle Contae Thiobraid Árann.
Tá treoirlínte agus foirmeacha iarratais oifigiúla ar fáil mar seo a leanas:
Chun a íoslódáil ó www.tipperarycoco.ie/arts
Iarrtha ar ríomhphost chuig artsoffice@tipperarycoco.ie
Fón: Oifig Ealaíon ar 0818 06 5000
Dáta deiridh: 12 meán lae Dé hAoine 17 Feabhra 2023.